Iora Rua ag Iománaíocht

Bhí Caoimhín, Aodh agus Órla ag iománaíocht
sa pháirc. Bhí coill in aice na páirce. Bhí spéaclaí nua
ag Caoimhín. "Ta tú cosúil le Kevin Martin
anois," arsa Órla.
Bhí iora rua ag bailiú cnónna. Chuala sé na
páistí agus rith sé ar nós na gaoithe. "Ó feach!" arsa
Aodh, "Ní maith leis iománaíochta."
Chaith Aodh an sliotar suas san aer. Ansin bhuail sé an sliotar
leis an gcamán. "Sin puc iontach", arsa Caoimhín.
Ansin, bhuail Órla an slíotar. Suas, suas, suas leis
an sliotar. Chuaigh sé isteach sa choill. "Tá an
sliotar caillte anois," arsa Aodh.
Chuaigh siad isteach sa choill. Chuardaigh siad i ngach áit
ach ní fhaca siad an sliotar. "Ó féach ar
an iora rua," arsa Órla. "Ta an sliotar aige."
Bhí an sliotar i gcarnán cnónna . Thosaigh na
paistí ag screadáil le gáire . "Tabhair na
spéaclaí don iora rua," arsa Caoimhín. "Cheap
sé gur chnó é an sliotar."
